Éigse Chluainín 2023 (24-26 Samhain/Nov.)

TicéidnabhFéile (Weekend/Festival Ticket) €16/12

Aoine an 24ú – Ionad na nGleannta

OÍCHE ÓMÓIS 8:00- 9:30 i.n. €SIA 

Séamus Ó hUltacháin 

Déanfaidh Proin Ó Duigneáin, Séamus Mac Annaidh, Seosamh Mac Muirí, Deirdre Ó Meara agus go leor eile ceiliúradh ar shaol agus shaothar Shéamuis Uí hUltacháin (1948 – 2023) as Iarthar an Chabháin. Léachtóir Seandálaíochta i gColáiste na hOllscoile, Bleá Cliath agus ba údar agus file Gaeilge é freisin. D’fhoilsigh O’Brien Press sraith leabhar Gaeilge dar teideal Deco sna h80dí agus d’fhoilsigh Coiséim dhá leabhar filíochta leis dar teideal Aniar Aduaidh (’04), Imeallaigh (’17). Bhíodh saothar leis sna hirisleabhair Scribhneoirí Cois Teorainn, Breifne agus Archaeology Ireland agusbhí teoraicí iontach suimiúla aige maidir leis an mBoireann i gContae an Chabháin.


Satharn an 25ú – Ionad na nGleannta

CLUB SCANNÁN CHLUAINÍN 5:30 -7:00 i.n. €7/€5

Nosferatu – Scannán Ciúin ó 1922(as Gaeilge den chéad uair) – 

Stiúrthóir: F.W. Murnau, Ceol Beo agus ‘Foley’: GreenBird,
Aistriú: Rossa Ó Snodaigh, Leabú Fotheidil: Gregoire Rabb

Tríréad cumadóirí le cúlra sa gceol dúchasach, claisiceach agus jazz iad GreenBird a sheineann ceolchoirmeacha agus a chumann ceol scannáin ciúin iad GreenBird. Eealaiontóir fildléir, amhránaí is í Cliodhna Quinlan; Pianadóir agus giotáraí is é Mark Murphy agus amhránaí í Mandi Frankham atá ag cur fúthu i Liatroim, Sligeach agus Ros Comáin. Tá albam amháin eisithe acu.


CABARET CHLUAINÍN   7.30 -10.30 i.n. €13/10

Pilib Mac Brádaigh nó Parson Brady

Leis an Dr. Peadar Mac Gabhann – Léactóir Gaeilge in Ollscoil Uladh i nDoire
Déanfaidh Peadar, arb as an Ómaigh dó, cur síos ar shaol shuimiúil an chainteoir dúchais seo. B’fhile, scoláire, sagart Caitliceach agus ministéir Protastúnach é Pilib a mhair idir na blianta 1650-1730. Bhí sé i mbun na ministéireachta i bParóiste Inis Mhic Craith, Droim Caorthainn ó 1704 i leith. D’fhan na daoine áitiúla lách leis cé gur athraigh sé a chreideamh.


Rosena Horan

Amhránaí as Bleá Cliath le dúchas clainne i nGleann an Cháirthe a chaith 25 bliain i mbun a cheird mar amhránaí thall i bPárás na Fraince. Canfaidh sí roinnt des na hamhráin Gaeilge is ansa léi..


Uaimheanna Shligigh/Liatroma le linn an Chogadh Cathartha 1922

Le Dr. Marion Dowd – Léachtóir Seandálaíochta in Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh, Sligeach

Déanfaidh Marion cuir síos ar an taighde a rinne sí féin agus beirt seandálaí eile ar na bpluaiseanna Shligigh/Liatroma ach go háirithe in uaimh na Toire Móire os cionn Loch Ghleann an Chaithre agus mar a bhain na Poblachtánaigh feidhm astu, agus a dtit amach dóibh sna sé seachtainí a chaitheadar ann le linn an chogadh cathardha 1922.


Eoghan Ua Conaill Amhranaí, il-uirliseoir, file, údar agus iar-mhúinteoir bunscoile as Ciarraí é Eoghan. Ní h-amháin go bhfuil lear mór d’amhráin thraidisiúnta aige ach tá sé ag cumadh leis agus ag dréim le h-albam d’amhráin nuachumtha a sheoladh amach anseo. GeofaImid blaiseadh des na hamhráin úra seo uaidh


Geantraí, Goltraí, Suantraí Buíon de cheathrar mhná atá lonnaithe i Sligeach agus Liatroim iad seo atá ag tabhairt faoi ár n-oidhreacht ceoil a chiarradh chun theacht ar amhráin a bhaineann leis na trí teideal thuas.
Siúd iad Aoife Hammond, Tara Baoth Mooney, Fionnuala Maxwell agus Eimear Reidy


Domhnach an 26ú – An Fulacht Fia (Caifé an Chaisleáin) 1:30 – 4:30 i.n.

SEOLTAÍ LEABHAIR 1:30 – 2:15 i.n. €SIA

Tullaigh nEarrach le Seosamh Mac Suibhne

Seolfaidh an Dr. Seosamh Mac Muirí saothar filíochta úr an file, ealaíontóir ,staraí agus iar-phríomhoide ar Ghaelscoil na gCeithre Máistirí arb as imeall Ghaeltacht láir Thír Chonaill dó. Tá leabhair foilsithe aige ar chomhionnas inscne 7 an spioradáltacht; ar stair spioradálta Óileán na hÉireann agus ar bhreith na Náisiúntacht agus an spioradáltacht. Is é seo an seú chnunuasacht dánta, le aistriuchán fosta. dá gcuid.

Ceistiúchán le Máiréad Ní Bhreisleáin Uí Cheallaigh
Seolfaidh an drámadóir, aisteoir, staraí agus feactasóir Donal Ó Kelly dhá leabhar atá dlúth bhaint acu lena chéile. Chuir údar Ceistiúchán cáipéisí grinnfhiosrúcháin an KGB ar a hathair, Patrick O’Breslin, i dtoll a chéile, chun iarracht a dhéanamh theacht ar an bhfirinne faoi a tharla dá hathair san Aontas Sóvéideach fé réimeas Stalin i 1941.

Scéalta Sealgaire le hIbhán Tuirgéinibh
Aistrithe ag Máiréad Ní Mhaicín (Uí Bhreisleáin)
Bean céile le Patrick a b’í an t-aistritheoir Máiréad Ní Mhaicín as Béal Feriste a d’fhill ar Éireann ón Rúis i 1937 agus í torrach lena leanbh Máiréad. D’aistrigh sí mórán saothar ón Rúisis go Gaeilge agus cé gur aisrigh sí Scéalta Sealgaire i 1934 agus í thall ar nós mórán leabhr eile, níor fhoilsigh An Gúm an ceann seo go ceann 20 bliain eile. Bhronn iníon an údar atá beo fós é ar Choiscéim le hathchló agus beidh iníon léithisean atá ina cónaí anseo i gCluainín linn don seoladh.   


POP-UP GAELTACHT 2:15 – 3:15 i.n. €SIA

Deis do chuig Gaeilge a bhaint as do phóca agus í a labhairt leo siúd atá á mbaint as a bpócaí den chéad uair i mblianta chomh maith.


TRÁTHNÓNA NA nAMHRÁN  3:15 – 4:30 i.n. €SIA
le hEoghan Ua Conaill

Thaithin an seisiún amránaiochta seo chomh mór sin le daoine anuriadh gur fhan siad i bhfad thar ama. Mar sin tabhair leat d’amhráin agus glés ceoil fiú agus can amach go hard.