News

Read all about… Éigse Chluainín!

 

Éigse Chluainín
North Leitrim’s Irish Language Festival
Aoine & Satharn an 7-8ú Nollaig
ALL FREE EVENTS!

 

Aoine 7ú Nollag

Seoladh Leabhair – Leabharlann Chluainín – 6.00in

Beneath the Thatch – Seán O Súilleabháin (iar-Oifigeach Gaeilge agus Leabharlannaí Condtae le Comhairle Chontae Liatroma). Leabhar de chuimhní cinn atá anseo óna óige i Longfoirt. Caibidil mhór aige ar na focail Ghaeilge a bhí beo sa mBéarla acu.

Satharn 8ú Nollag

Caint Stairiúl – Ionad na nGleannta  6.00in

Fís Uasal Bhunaitheoirí an Chonartha – Le Pádraig Ó Snodaigh (Iar Uachtarán CnaG, Scríbhneoir, Foilsitheoir agus Stairí)

Fad is a bhí sé fostaithe san Ard Iarsmalann Náisiúnta chaith Pádraig cúig bhliain mar Uachtarán idir 1974 go 1979. Sa bhliain 2002 scríobh sé is d’fhoilsigh sé an leabhrán beag seo ar an bhfís a bhí ag na luath-Chonratheoirí.

Seoladh Leabhair – Ionad na nGleannta  7.00in

Scríbhneoirí Cois Teorann 4 – Eag. Seosamh Mac Muirí

Chruinnigh Seosamh saothair 20 scríbhneoir ar dhá thaobh na teorann chun leabhar idir phrós, thuairimíocht, fhilíocht agus aistí a chur fénár mbráid. Tá saothair pinn uaidh triúr ón aon chlann amháin, aistí ó thuistí páistí atá ag freastal ar an nGaelscoil, is ó Ghearmánach agus Iodlach atá ag bronnadh ceithre theanga ar a bpáiste, dian-thuraimíocht faoin reifreann ar dheireadh thoirchis, filíocht uaidh údair úra is aosta, is scéalta suimiúla is magúla. Leabhar le h-ábhair smaointóireachta an-leathan ar fad.

Dráma – Ionad na nGleannta  8.00in

Cara sa Chúirt – M’umbro Top

Dráma grinn ina samhlaítear go maireann Brian Borómha tar éis Cath Chluain Tarbh agus go ndéanann sé comhlíonadh de Shasana agus mórán den domhan. Ach ina thír dhúchais féin tá dream gráthaitheoirí Béarla ar mian leo a dteanga dílis, an Sacs-bhéarla a tharrtháil ón mbás.

Dráma – Ionad na nGleannta  9.00in

Creideamh agus Crá Croí– Splódar

 Dráma atá bunaithe ar shliochtanna as an Portrait of the Artist as a Young Man le James Joyce, aistrithe agus curtha in oiriúint ag an gcompántas Splódar 

Cóisir agus Ceol – Tigh Uí Oireachtaigh (Heraghty’s) 10.30in 

Tar éis bliain fada de bheith ag stocaireacht ar son na Gaeilge go h-áitiúil is mian linn cóisir a chur ar fáil dár mbaill agus don lucht féachana. Beidh amhráin is bodhráin, ceol is ól go ndúntar na doirse.

Éigse Chluainín Friday Saturday an 7-8th December

Friday December 7th 

Book Launch – Manor Library – 6.00pm

Beneath the Thatch – Seán O Súilleabháin (previous County Council Irish Language officer and County Libraian). This is a book of memoirs and recollections of his childhood in Longford with one whole chapter dedicated to the Irish words that were in use in English.

Saturday December 8th  

Historic Talk – Glens Arts Centre 6.00pm

Fís Uasal Bhunaitheoirí an Chonartha – Le Pádraig Ó Snodaigh (previousConradh na Gaeilge president,writer, pulisher and historian)

While he was employed in the National Museum of Éire Pádraig was elected as President of conrad na Gaeilge 5 years in a row between 1974 and 1979. In 2002 he wrote and published the small book about the nobel vision of those who established CnaG.

Book Launch –Glens Arts Centre 7.00pm

Scríbhneoirí Cois Teorann 4 – Ed. Dr. Seosamh Mac Muirí

Seosamh has collected and edited the work of 20 writers from both sides of the border to present a book of prose, poetry, essays and ponderings. There’s poetry from three members of the family, essays from parents of children attending the Gaelscoil, from a German and an Italian who are gifting four languages on their child, there’s intense ponderings about the recent referendumpoetry from young and old and interesting and funny stories. The fourth in the series promises to be broader in scope than the previous books. 

Theatre –Glens Arts Centre 8.00pm

Cara sa Chúirt – M’umbro Top

This is a humorous piece of theatre where it is imagined that Brian Boru  survived the Battle of Clontarf and went on to colonise Brittan and much of the world. But back in his homeland a group of British Nationalists who wish to revive the Anglo Saxon tongue.

Theatre –Glens Arts Centre 9.00pm

Creideamh agus Crá Croí– Splódar

This play is based on extracts from James Joyce’s Portrait of the Artist as a Young Man , translated and staged by Proin Ó Duigneáin’s Splódar

Cóisir agus Ceol – Heraghty’s 10.30pm 

After a long year of working towards maximising the amount of Gaeilge being used, written, spoken and accepted locally we’re organising a celebration for the audience, our members and friends. We’ll have amhráns, bodhráns, ceol agus ól till the doors close!

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *